Video de: A Neansaa Mhale Gra Lyrics Clannad » Animes Fox.MusicaDe.Win

Bienvenidos a Fox.MusicaDe.Win Disfruta del Video de: A Neansaa Mhale Gra 2025 Clannad » Animes y comparte musicas con los amigos, Musica Gratis 2025! Fox.MusicaDe.Win!.

Video de: A Neansaa Mhale Gra Lyrics Clannad » Animes

Clannad - A Neansaa Mhale Gra Lyrics


A neansaí 'mhíle grá Song Lyrics
A neansaí 'mhíle grá by Clannad A Neansaí, 'mhíle grá, a bhruinneall 'tá gan smál
Go bhfeice mise'n t-ádh 'gus an séan ort!
Ba ghile do dhá láimh ná cúr geal na trá
Ná'n eala 's í a' snámh ar an Éirne.
Is glaise liom do shúil ná braon beag den drúcht,
Is binne liomsa tú ná na téadaí;
'S mur' n-éalaí tusa liomsa titfidh mé i lionndubh
'Gus cuirfear insa chill 'do dhéidh mé.

Is iomaí sin guth mná a chluinimse 'ngach aird
Abhus agus taobh thall den Éirne.
Go Corcaigh na gCuan 's go Béal Ath' na Sluaighe
'Sí Neansaí 'thug bua ar a' méid sin.
A Mhuire 'gus a Dhia, nárbh aoibhinn deas é'r saol,
Dá mbeinnse agus í le chéile?
Tráthnóna aoibhinn ciúin, ó mise 'gus mo rún
Ag cogarnaíl ar uaigneas sléibhe.
Beir litir uaimse suas chuig Neansaí chaoin na gcuach
Is aithris di gur buartha atá mé;
Aithris di arís nach gcodlaím féin aon oíche
Le harraing atá trí mo thaobh deas.
Aithris é dá súil, Aithris é dá cúl,
Aithris é dá méin mhaith chéillí;
Aithris é dá ceann 's dá béilín atá binn
Gur ghiorraigh sí go cinnte mo laetha'.

Dé Domhnaigh má tchímse stór geal mo chroí
Tiocfaidh an t-amharc chugham arís is an éisteacht;
An tuirse atá ar mo chroí, go n-imeoidh sí díom,
Is ní aithneofar an aois ar m'éadan.
A Mhuire is a Rí, nach a tuirseach a bhím,
Is go scaipfinn, dá mba fíon uilig, an Áirne.
An bhfuil duine ar bith sa tír a bhainfeadh díom mo mhian?
Níorbh fhada mé sa saol seo ina héagmais

A Neansaa Mhale Gra » Clannad Letras !!!

Videos de Clannad

Esta web no aloja ningun archivo mp3©Fox.MusicaDe.Win 2025 Colombia - Chile - Argentina - Mexico. All Rights Reserved.

Musica Online, Escuchar musica online , Musica En Linea, Musica en linea gratis, Escuchar Musica Gratis, Musica Online 2025, Escuchar Musica

Musica 2025, Musica 2025 Online, Escuchar Musica Gratis 2025, Musica 2025 Gratis, Escuchas, Musica de Moda.